Caitheamh Aimsire, damhsa sa scoil a bhíodh acu achan oíche agus ansin ghearr siad anuas e go trí oíche sa tseachtain. Thagadh na girseacha ón Lagán agus thosaíodh na damhsaí.
San am sin, chaitheadh na girseacha go háirithe sé mhí den bhliain ar an Lagán. Dhá uair ina shaol a chonaic sé a athair ólta, ceann acu an lá a tháinig a dheirfiúr ar ais as an Lagán. Lá mór a bhíodh ann agus na fir uilig amuigh an lá a thagadh na girseacha ar ais as an Lagán.